An féidir le Amatsu cuidiú liomsa?

Is teiripe éifeachtach é Amatsu chun cothromaíocht an chorip a athneartú agus a dhéanann maitheas do shláinte an duine trí chéile.

Is féidir faoiseamh a fháil ar bheagnach gach gearán a bhfuil míchothromaíocht struchtúracha mar bhunús leis trí chóireáil Amatsu. Bíonn dea-thionchar ag Amatsu ar raon leathan saincheisteanna sláinte.

I measc na ngearán lenar féidir Amatsu a bheith ina chuidiú, áirítear:

  • Pian/teannadh sna matáin, ailt, teannáin nó ballnaisc
  • Pian sa mhuineál, sna guaillí nó sa droim
  • Staidiúir
  • Gualainn stromptha
  • Sciaitíce
  • Siondróm na conaire carpasaí
  • Pian sna cromáin nó sna glúine
  • Pian peilbheacha nó in íochtar an droma de bharr toirchis (i ndiaidh an chéad ráithe)
  • Buinneáin
  • Airtríteas (airtríteas réamatóideach san áireamh)
  • Fadhbanna díleácha
  • Tinnis cinn (áirítear pian a bhaineann le gnáthaimh fiacla)
  • Brúchtadh
  • Coiliceam/brúchtadh i naíonáin