Ceisteanna Coitianta

COVID-19

Is é sábháilteacht na gcliant agus an teirpeora an tosaíocht is mó faoi láthair. Cuirfear r-phost le gach eolas maidir leis na céimeanna atá á nglacadh chuige seo chuig cliaint nuair a dhéanfar coinne. Má tá aon cheisteanna/buairteanna agat gur mhaith leat a phlé sula ndéanann tú coinne Amatsu, ná bíodh leisce ort teagmháil a dhéanamh liom.

Beartas Teanga

Tá gach seirbhís de chuid Amatsu Therapy Clondalkin ar fáil trí mheán na Gaeilge agus trí mheán an Bhéarla. Déanfar gach cumarsáid leat i do rogha teanga. Beartas teanga ar fáil anseo.

Cad ba chóir dom a chaitheamh?

Ní gá ach na bróga a bhaint le linn sheisiún Amatsu. Bogfar na lámha agus na cosa le linn an tseisiúin, mar sin is fearr éadaí compordacha, e.g. brístí spóirt agus t-léine/geansaí, a chaitheamh. Ní mholtar brístí géine, sciortaí, riteoga nó brístí gearra a chaitheamh ar mhaithe le compord agus le héifeachtúlacht na cóireála.

Cé chomh fada a mhairfidh an seisiún?

Ní mór do chliaint nua foirm toilithe a líonadh isteach i dtús an chéad seisiúin. Maireann gach seisiún 45-60 nóiméad. Bíonn seisiúin le naíonáin agus páistí óga níos giorra. Tá sé riachtanach tuismitheoir/caomhnóir a bheith i láthair do gach seisiún le páistí faoi bhun 18 mbliana d’aois.

Cé mhéad seisiún a bheidh ag teastáil?

Braitheann sé seo go mór ar gach cliaint, ar an ngearán agus ar bhunchúis an ghearáin. Go ginearálta, dá fhad a bhíonn an duine ag fulaingt leis an ngearán is mó seisiún a bheidh de dhíth. Fiú má mholtar sraith seisiún, ba chóir go mothódh an cliant faoiseamh éigin i ndiaidh an chéad chúpla seisiún.

Táillí & íocaíocht

Tá costas €70 ar gach seisiún agus maireann seisiún uair an chloig.
Tá costas laghdaithe ar sheisiúin do naíonáin agus do pháistí óga.
*Má chuireann an cliant coinne ar ceal gan fógra 24 uair an chloig, ar a laghad, beidh táille chealúcháin i gceist.

Cealúcháin

Is gá coinní a chur ar ceal 24 uair an chloig roimh ré, ar a laghad, chun táille chealúcháin a sheachaint.
Gearrfar táille chealúcháin €20 ar choinní a cuirtear ar ceal 12-24 uair an chloig roimh ré.
Gearrfar an táille iomlán ar choinní a cuirtear ar ceal níos lú ná 12 uair an chloig roimh ré agus ar dhaoine nach dtagann chuig an gcoinne.

Frithtásca

Níor chóir coinne a dhéanamh má tá víreas nó fiabhras ort, fan go dtí go bhfuil na siomptóim maolaithe. Tá réamhcheadú ó GP an chliaint de dhíth i gcomhair riochtaí sláinte faoi leith. Bí cinnte aon riochtaí sláinte atá ort a lua agus coinne Amatsu á shocrú agat.