Fúm Féin

Chuir mé spéis in Amatsu roinnt blianta ó shin i ndiaidh dom gortú a fháil, rud a d’fhág mé faoi mhíchompord rialta (nó i bpian sheasta). D’fhreastail mé ar chúpla fisiteiripeoir éagsúil ach níor tháinig mórán feabhais orm. Níor chuala mé faoi Amatsu go ceann cúpla bliain (agus gortú eile) ina dhiaidh sin.

Ní hamháin go bhfuair mé faoiseamh ón bpian nuair a chuir mé tús le Amatsu, ach tháinig feabhas ar an ngluaiseacht choirp agus ar lúth na ngéag chomh maith. De bhreis air sin, tháinig sé chun solais le linn na seisiún leis an teiripeoir go raibh an-seans ann go raibh nasc idir na fadhbanna a bhain le mo mhatáin agus fadhbanna a bhain leis an gcóras díleácha (fuair mé amach tamall ina dhiaidh sin gur IBS ba chúis leis na fadhbanna). Measaim féin nach mbeinn ar an eolas faoin nasc sin gan Amatsu, agus go mbeadh na nithe sin fós ag cur isteach orm.

Chuaigh na seisiúin Amatsu go mór chun leasa orm agus bhí mé spreagtha tuiscint níos fearr a fháil ar na cúiseanna a chabhraigh an teiripe seo liom nuair nach raibh mé in ann teacht ar leigheas in áit ar bith eile. Bhain mé cáilíocht amach mar theiripeoir Amatsu le Liath Training School. Táim cáilithe mar mhúinteoir Pilates ag Balanced Body trí Pilates Performance Ireland (speisialtóireacht maidir le Fadhbanna Dromlaigh agus Oistéapóróis). Bhain mé cáilíocht mar mhúinteoir ióga (200hr) amach le Frog Lotus Yoga International.