Cad é Amatsu?

Teiripe fhisiceach éadrom is ea Amatsu. Déantar iarracht míchothromaíochtaí sa chorp a aithint agus a cheartú, pian a laghdú agus gluaiseacht choirp a fheabhsú.

Úsáidtear raon teicnící in Amatsu (obair fíochán bog, ceartuithe struchtúracha, an córas orgán a chothromú mar aon le hobair chráiniach) atá bunaithe ar phrionsabail eolaíochta an Iarthair: anatamaíocht, fiseolaíocht, biotensegrity agus féinmhothú.

Tá Amatsu fréamhaithe i dtraidisiún ársa ealaíon comhraic na Seapáine agus is cóiriú nua-aimseartha é ar theiripe an fhíocháin bhoig, teiripe atá in úsáid sa tSeapáin leis na mílte bliain anuas.

Conas atá Amatsu éagsúil ó theiripí fisiceacha eile?
Tá Amatsu níos éadroime ná an-chuid teiripí fisiceacha eile. Dá bhrí sin, oireann an teiripe seo do raon leathan daoine: naíonáin óga agus daoine aosta mar aon le daoine a bhfuil airtríteas agus oistéapóróis orthu.

Is teiripe é Amatsu ina mbreathnaítear ar an gcorp ina iomláine le linn an tseisiúin, rud atá éagsúil le teiripí fisiceacha eile. An aidhm atá le Amatsu na struchtúir mheicniúla (cnáimhe, teannáin, ballnaisc) agus na struchtúir fhuinniúla (ailt, cráiniam, fadlínte) a chothromú. Ní dhírítear ar an áit a bhfuil an phian amháin, ach déantar iarracht teacht ar bhunchúis na péine tríd an gcorp iomlán a scrúdú.

Go bunúsach, déanann Amatsu iarracht cuidiú le cumas nádúrtha an choirp é féin a leigheas.