Pilates/Ióga

Díríonn Pilates ar neart agus cobhsaíocht an choirp a fhorbairt. Ní chuirtear béim ar mhatáin mhóra an choirp amháin chun é seo a bhaint amach. Ina ionad sin, dírítear ar análú ceart agus an corp a lárú. Tugann an cur chuige seo an neart atá ag teastáil ag an gcorp leis na matáin bheaga (matáin a ndéantar dearmad orthu go minic) a fhorbairt, ag díriú go príomha ar mhatáin na cabhlach (CORE).

Cuid amháin de fhealsúnacht tráidisiúnta Ióga iad na gleacaíochtaí Ióga (asanas) a aithníonn muid sa lá atá inniu ann. Díríonn gleacaíochtaí Ióga ar chothromaíocht, ní hamháin go fisiciúil ach cothromaíocht idir an intinn agus an corp, a fhorbairt. Stíl Ióga é Vinyasa ina ngluaiseann an corp go líofa ó staidiúir go staidiúir ag baint úsáide as an anáil mar uirlis.

Corp agus intinn níos láidre, níos cothroime agus níos ailínithe is ea an toradh ar ranganna maithe Pilates agus Ióga.

Cláraigh don liosta r-phoist le bheith ar an eolas faoi ranganna agus nuacht eile.

Mura bhfuil tú cinnte cén difear atá idir Pilates agus Ióga, féach anseo.

Moltar do rannpháirtithe labhairt lena ndochtúir sula gcuirtear tús le gnáthamh aclaíochta nua.

Ranganna Corporáideacha
Más spéis leat ranganna a eagrú ar maidin/am lóin/um thráthnóna i d’ionad oibre nó ar Zoom, déan teagmháil liom ag clare@amatsu-clondalkin.ie.

Clubanna spóirt
Más ball de chlub reatha, foireann peile nó eile tú agus gur spéis leat ranganna príobháideacha a eagrú do do chlub nó foireann, déan teagmháil liom ag an seoladh r-phoist thuas.

Tá ranganna ar fáil as Gaeilge agus as Béarla.